Fáilte go léir chuig Blag Gaeilge na scoile! Ar an mblag seo beidh eolais le fáil máidir leis an scéim Gaelbhratach atá ar mbun i mbliana.
Gaelbhratach.
Tá Scoil Shinsireach Naomh Athracht ar bís a bheith páirteach sa scéim, seo hí an dara bliain den scéim anseo sa scoil!
Tá an scéim eagraithe ag Gael Linn, Foras na Gaeilge agus Coláiste Phádraig.
Tá sé mar aidhm ag an scéim ná pobal na scoile a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid go rialta timpeall na scoile, idir páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí.
Tá níos mó eolais le fáil ag an suíomh:
http://gaelbhratach.ie/bunscoileanna/en/description-of-the-scheme/
Na 6 spriocanna atá roghnaithe ag an scoil do bhlian a dó ná:
Spriocanna.

- Siamsaíocht: Is féidir rogha a dhéanamh as na smaointe anseo thíos ach go mbeadh dhá ócáid nó trí i gceist i rith na bliana. (Raidió Inniu á chraoladh ag ranganna difriúla i rith na bliana/Ról imirt agus drámaí i rith ranganna Gaeilge bunaithe ar na téamaí Gaeilge.
- Tionól Scoile : B’fhéidir go mbíonn Tionól uair sa tseachtain i scoil amháin agus uair sa mhí/téarma i scoil eile. Ó thaobh na Gaeilge de is fiú go mór an patrún céanna teanga a leanacht gach uair a bhíonn Tionól ann.
- Bainistíocht Ranga i gcoitinne trí Ghaeilge, ag seachaint ordaithe oiread agus is féidir. Beidh gnásanna éagsúla i gceist anseo, glaoch an rolla; dáileadh agus bailiú ábhar srl; tús agus deireadh ranganna éagsúla- Cabhróidh Gaeilge gach lá agus frásaí na seachtaine leis an sprioc seo.
- Cluichí Teanga/ Léitheoireachta mar thaca don chaint – Biongó, Nathracha agus Dréimrí srl.inúsáid ar bhonn rialta. Beidh réamhghnás, foirmlí cainte ar leith i gceist anseo agus iarghnás chomh maith.
- Léiriú Físe ar Ábhar Roghnaithe: Beidh ranganna éagsúla na scoile ag obair ar théama ar leith le taifeadadh agus le cur ar an mblag – rogha na scoile ón liosta seo: ● físeán ag insint scéal na Nollag nó scéal séasúrtha eile, ag baint úsáid as Drámaíochta, Amhránaíochta, Ceoil, Rince agus pé rud eile a oireann do gach rang ar leith -físeán ceoil á stiúradh ag na páistí féin, ag léiriú popamhráin Ghaeilge á chanadh ag páistí na scoile.
- An Ghaeilge agus Ábhair eile Churaclaim-Corp Oideachais/Ealaín.